Bhí an-spraoi againn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge ar scoil i mbliana.

Ghlacamar páirt i go leor imeachtaí ranga agus rinneamar ceiliúradh le chéile mar scoil freisin. Ghlacamar páirt i tóraíocht taisce, ceolchoirm, tráth na gceist boird agus fiú cluiche scoile iomlán biongó!
Maith sibh gach daoine as iarracht speisialta a dhéanamh go leor Gaeilge a labhairt le cúpla seachtain anuas.
Féach ar chuid dár ngníomhaíochtaí thíos…
Bhain muid an-taitneamh as an gceolchoirm, agus sheinn go leor amhrán, damhsaí agus dánta!
Bhí am iontach againn ag imirt Bingo mar scoil iomlán. Deis iontach a bhí ann ár n-uimhreacha a chleachtadh i nGaeilge. Go raibh maith agat lenár láithreoirí iontacha ó rang a 5!
Anois déanfaimid iarracht mhór tógáil ar ár nGaeilge labhartha gach lá ar scoil agus sa bhaile!
